Eagarthóireacht Scolártha ag an Meánraon
Tá Deich mBliana na gCuimhneachán faoi lán seoil in Éirinn. Comóradh atá iontu den deich bliain idir 1912 agus 1922, ré foiréigneach agus treampánach, ó thaobh cúrsaí polaitiúla, sóisialta, agus ó thaobh cúrsaí cruthaitheachta, a tháinig chun buaic le neamhspleáchas na hÉireann ón mBreatain, chomh maith le cogadh fuilteach cathartha a tháinig i ndiaidh sin. Is é 1916 an bhliain inar thosaigh athruithe teacht ar pholaitíocht na hÉireann. Bhí na mílte saighdiúir Éireannacha ag troid sa Chogadh Mór le hairm na Breataine, agus ag an am céanna, thosaigh go leor daoine anseo ag ullmhú d’Éirí Amach na Cásca. Is tionscadal sluafhoinsiú digiteach é Letters of 1916, atá ag déanamh iarrachta an tréimhse staire seo in Éirinn a chaomhnú agus “bliain sa saol” a chothú tríd litreacha pearsanta scríofa ag na mílte daoine sa tír seo ón tréimhse sin a bhailiú, le cúnamh ó dhaoine atá spéis acu in Éirinn, anseo agus thar lear.
Tá litreacha á bhailiú ó institiúidí idirnáisiúnta, chomh maith le daoine aonair. Tá dea-rúin an Ghréasáin Dhomhanda á chomhlíonadh tríd an chnuasach seo a chur le chéile, ag cothú naisc idir ábhair agus foinsí atá théis bheith scaipthe go fisiceach le himeacht ama. Déanfaidh an léacht seo plé ar na modhanna, an teicneolaíocht, bainistíocht agus an pholaitíocht bainteach le cnuasach den chineál seo a chothú, atá suite idir eagarthóireacht scolártha digiteach agus olltiomsú sonraí.